School: Ráth Mhór (B.) (roll number 16987)
- Location:
- Rathmore, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráth Mhór (B.)
- XML Page 001
- XML “Na Manaigh i Ráth Mhór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Núair a bhí an Muirthéacht san bhFrainnch i ndeire na h-ochtmhadh aoise déug bhí mainistir ag na Cistericans i ndeischirt na Frainnche.Chuireadh dlíghe i bhfeidhim ag chur fhíachaibh ar gach sagart agus bráthar an tír d'fágaint i gcheann cúpla mhí. B'éigin dos na Cistercians an tír d'fágaint leis. Fúairedar áit chómhnuidhthe i ndeischirt Shasana is d'fanadar ann ar feadh tamaill. Bhíodar ar tí dul go dtí Ameriochá ach ar shroisint Shasana dóibh fúaireadar estáit ó dhuine úasail i Dorsetshire.D'fanadar annsan go dtí tar éis catha Waterloo. Tháinigh Ríaghaltas a bhí i bfádbhar an Eaglais Caitilichidhe. Cúalaidh na Manaig i Shasana go raibh Cnoch Mellarí mBrittany le ndíol agus do ceannuigheadar é. Cuir Ríaghaltas na Frainnche long go spesíalta go Shasana cun iad a bhreith abhaile. I dtosach na naomhadh aoise déug a beadh é seo.D'fanadar sochair annsan ar feadh(continues on next page)