School: Ráth Mhór (B.) (roll number 16987)

Location:
Rathmore, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ó Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Page 088
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann fadó n-a cómhnuidhe ar Gort na gCeann.

    Bhí fear ann fad ó n-a chómhnuide ar Gort na gCeann - baile fé bún an Dhá Chích Danainn - ar b'ainim dó Tadhg Ó Greimín. Tadhg Pilibh Óg a glaodhtí air.
    Bhí sé a' tiomáint na mbó oidhche amháin. Tháinig sprid suas leis agus tosnuig sé ag troid lei. D'eirig leis í cur i gcúl an oidhche sin agus gac aon oidhche as san amach a mbiodh sé amuigh. D'imthig sé go dtí an ceárdchain annsan agus d'órduig sé "Dagger" a dhéanamh ar a mbeadh leiseag - agus "ní raghadh sé amach aon oidhche as san amac gan an t-úirlís sin a bheith in a láímh aige.
    Do lean an t-acrann mar sin ar feadh tamaill. Aon lá amháin ámhthach tháinig sé ó Chíll Áirne go deidheannach sa tráthnóna agus tar éis teach abhaile dhó, do chuir (?) sé an capall amac dtí an phaírc. Tháinig an sprid suas leis agus thosnuig sí a ionnsuidhe. Cosain sé é féin leis an slabhradh (slabhradh an chapaill) ar feadh tamaill 'gá deireadh cuir sé an slabhra fé'n gcapall agus annsan do chuimhnig sé go raibh an "Dagger" in easnamh air. B'é deireadh na dála é go bhfuaradh sa pháirc agus é marbh ar maidin in dhiaidh sin. Bhí driotháir athar (?) dó ag fághail bháis agus an uair céudna agus mar gheall ar sin nior
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish