School: Cuileannach (B.) (roll number 1199)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Peadar Ó Cochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 417

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 417

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (B.)
  2. XML Page 417
  3. XML “Teampall an Chnocáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá seana roilig sa duthaig seo timcheall dhá mhíle ar an dtaoibh thiar de Bheaufort ar a dtugtar Cnocán. Is ann a cuirtear na daoine go leír nách mór sa pharóíste seo.
    Fadó bhí eaglais Caitlicidhe ann - tá an sean-fhothrach le feiscint ann fós - acht do leagadh í in aimsir na bpéin-dlighthe. B'éigin dos na Caitlicigh imtheacht as an áit agus do thóg na Protastúnaig a h-eaglais ar an dtaoibh thuaidh do'n roilg agus is mó sgéal a innistear mar gheall ar leagadh na h-eaglaise sin.
    Do bhailig na buachaillí oidhche chun í do leagadh. Chuala fear darbh ainm Blenner-Hassett - Protastúnach go raibh comhnuidhe air in aice na h-áite - an sgéal. Chuir sé fios ar na saighdiúirí i dTráighlí teacht go tapaidh acht d'innis a mharcach cá raibh sé ag dul do na buachaillí sar ar imthig sé in aon chor. Ba mhó timcheall a chuir an marcach de sar a shrois sé Tráighlí mr sin bhí na saighdiúirí go déanach ag teacht. Mar sin féin cheap na buachaillí go mbeadh na saighdiúirí ann nios luaithe agus bhiodar ollamh rómpa. Do bhriseadar an bóthar agus biodar ag fanamhaint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Cochláin
    Gender
    Male