School: Rinn Garóige, An Scibirín (roll number 16255)
- Location:
- Ringarogy Island, Co. Cork
- Teacher: Máire, Bean Uí Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rinn Garóige, An Scibirín
- XML Page 085
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Do bhí sean-mhaighistir scoile ar lóistín i dtig feirmeóra agus bhí gé beirighthe aca i gcóir an tsúipéir agus bhí muinntir an tighe chom sprúinluithe san nár mhaith leo pioc a thabhairt do'n maighistir scoile. Do thóg bean an tíghe an ghé ó'n teine agus chuir sí ar an mbórd í i méis mhór agus dubhairt sí le fear an tighe í roinnt mar ní dheanfadh sí féin é in aon chor mar do bheadh náire uirthi gan aon rud a thabhairt de'n maighistir agus ní raibh sí cun aon hhioc de'n gé a thabhart do. Dubhairt an fear leis an mnaoi é roinniú, do shocruigheadar araon roinniú an gé a thabhairt de'n mhaighistir, mar do cheapadar ná coimeádfadh sé aon rud do féin. Dubhairt sé go roinnfeadh sé é ach caithfeadh gach aoine bheith sásta le na áireamh féin agus caithfeadh bean an tighe í a gearradh mar a déarfad sé féin léi. Do thosnuig an maighistir ar an gé do roinniú agus bean an tíghe á gearradh mar déarfadh sé. Diarr sé ar bean an tíghe an raibh sí ullamh agus dubhairt sí go raibh. Seo mar a dubhairt sé "ceann an gé do ceann an tighe, a sgiathán clé dhá mhnaoi, a cos agus a cos murt do gnath mhuinntear a tighe agus an corp do'n stráinnséir." D'itheadar an gé ansan agus bhí muinntear an tighe ana-mhí shásta.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Donegall West, Co. Cork
- Informant
- Pádraig Ó Coileáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Donegall West, Co. Cork