School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga

Location:
Butlerstown, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Muimhneacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
  2. XML Page 076
  3. XML “Seanteampall i Lios Lao”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an áit mar a bhfuil an roilig anois i Lios Laoidhe bhí teampall Caitilicídhe ann fadó. Ní cosamhail leis an dteampall atá i Lios Leamháin ná aon teampall eile anois a bhí sé ach tigh bocht agus fallaí chré ann agus gan puinn troscán ann. Do mhair sé ar feadh mórán bliadhna agus nuair a tháinig Cromail do leag sé é agus togadh Eaglais Protastunach ann no h-ionad. Acht má leag sé é bhí gollán ann agus níor fhéadfad sé ná a saighdiuirí é do scriosadh. Ar dtúis dheineadar iarracht é do bhriseadh ach níor éirigh leo. Annsan deineadar poll mór agus do chaitheadar isteach ann é. Ar maidin bhí sé ins an seana spota in aice an teampaill. Nuair nár éirigh aon rud ar an dtalam leo do thogadar an gollán amach ar an bhfairrge agus do caitheadar amac ar an saíle é in aice le Cinn tSáile agus moladh le Dia bhí sé thar n-ais aris ar maidin agus tá sé ann go dtí an lá indiu agus tá sé chómh deas agus a bhí sé riamh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Risteárd Pléamonn
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilsillagh, Co. Cork