Scoil: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga

Suíomh:
Butlerstown, Co. Cork
Múinteoir:
Mícheál Ó Muimhneacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
  2. XML Leathanach 075
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Mainistir Mhathúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Cúirt Mhic Seafraidh baile gann.

    Cúirt Mhic Seafraidh baile gann
    Nó h-imthigh gan do bhreacfast ann
    Mar tá báid ann bríste
    Agus a dtóin ar an uisce
    Agus mná gan tuisgint ann.

    Domhnall Ó'Drisceóil
    Lacha
    60
    Feirmeóir beag
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lackarour, Co. Cork
  2. Timcheall leath slighe idir Tigh Mologa agus Cúirt Mhic Seafraidh tá sean-fothroch de mhainistir ann. Mainistir Mathún nó Mainistir a Máur an ainm a tugadh air. Na managih de'n Órd Benedictín a chuir an tigh seo ar bun. Bhí ana-saidhbhreas aca mar thug an tighearna talmhan de Bharra ocht mbailtí déag dóibh. B'iad san Lios Leomhóin, Curraichín, Litheonach, Gráinse, Gurrán, Criogán, Atha, Lios Laoidhe agus bailtí eile. Deineadh paróiste fé leith des na bailtí seo. Mainistir Mathun an ainm a tugadh air. Ní raibh cead ag na manaigh an talamh do choimead in a seilbh ach an fhaid a bheadh an tig a thógaint. Sar ar chríochnuigh an mainistir deineadh scrios ar na mainistreacha móra. Thóg na Sasanaigh an talamh dóibh féin.

    Seán Ó Brisin (65))
    Árd Cobhthaigh
    Fear oibre
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.