School: Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Tomás Mac Craith
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 008
  3. XML “Ceithearnach an Chaoithrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go mb'iníon do ríogh Sliogadh í féin. "Raghaidh mé abhaile go dtí t'athair chun a thabhairt annso chughat" adúbhairt an Ceithearnach. "Ó, ná dein" ar sí "mar marbhócaidh m'athair thú dá mbeadh a fhios aige mise bheith annso agat". "Ní marbhócaidh" ar sé. Do gleas sé é féin d'on bóthar aug d'imigh air 'is níor stad riamh go d'táinig sé go Cúirt righ Sliogadh agus do dhein aimsear leis go ceann seacht mnbliain, ach sul a raibh leath téarma sin caithte, d'éalaig sé, agus do rug leis an péire capaill a b'fhearr a bhí aga an rí. nuair a fuair an rí scéalta, ar é bheith imithe leis na capallaibh bhí sé ar dearg bhuila agus do chuir fios ar a luchtaramála láithreach chun dul ar a thóir. Bhí an Ceithearnach i bhfad chun tosaigh air annsan agus nuair do ránag sé trágha na Croise, bhí an mhuir amach, agus ní raibh aon mhoill air a' dul trasna ach an uair do ránag an rí 'an trágha bhí an mhuir isteach, agus b'éigean dó dul timpeall do Droichead na Coran duibhe. Annsan nuair a chonnaic an Ceithearnach rí Sliogadh is a mhuintear a' teacht dubhairt sé le h'iníon an ríogh fanacht a bhfeidil an tighe 'is go raghadh sé féin amach chun fáilte chur roimh a h-athair. Chuaidh sé amach is chur na mílte fáilte roimhe. Dubhairt an rí annsan leis a fhear freastail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Carrigaholt, Co. Clare