School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 251
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag obair amárach mar caithfimíd an t-ór a chomhaireamh.
    Lá ar na bhárach chuaidh an bhean go dtí teach an driotháir saidhbhir agus fuair sí crúiscín ar iasacht ann. 'Céard lé h-aghaidh an chrúiscín' adeir an bhean eile. 'Inis a fuair mé ó mó chomhairsainn agus caithfidh mé é a chur arais chuicí'. Bhí amhras aicí nár'b in í an fhírinne uile agus chuir sí rud éigin isteach ins an gcrúiscín ionnus go greamóchadh píosa don rud a chuirfeadh isteach ann de bhunn an chrúiscín.
    Maith go leór nuair a thainig an bhean leis an gcrúiscín d'féach an bhean eile isteach ann agus céard a chífidh sí ach acht sobharn buidhe ag tóin an chrúiscín. Níor labhair sé ansin go ndeachaidh an bhean abhaile agus annsin d'innis sí gach rud don fear. 'Téirigh anois agus fágh amach cé'n áit a bhfuair siad é'.
    Chuaidh an fear agus d'innis an driotháir gach rud dó agus theasbáin sé an áit ar chuir sé an cat chomh maith. Annsin níor thug a bhean suaimhneas dó nó go dtógfadh sé arís é. Chuaidh sé agus thóg sé é ar deireadh. Dubhairt sé leis dul 'na dhiaidh a dhriotháir arís. 'Ní gabhfaidh mé acht leanfaidh mé thusa go brath', ars an cat. Ina dhiaidh sin ní raibh aon rath air. Cailleadh a bhean agus a chlann go léir agus fuair a chuid bó bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0735: The Rich Man's and the Poor Man's Fortune
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Scanaill
    Gender
    Female
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Máire Bean Uí Scanaill
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo