School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0084
  3. XML “Scéal Cráifeach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá amáin bhí Íosa ag dul go tír eile agus do chuaidh Sé treasna páirce áit in a raibh fear ag cur síl.
    Thuit braonaca d'fuil Íosa agus le miorbuilte do bhí an síol aibidh agus é réidh le na bhaint. An lá in a dhiaidh sin bhí na saighdiuirí ag dul thart ar lorg Íosa agus do chuaidheadar treasna na páirce seo agus bhí spideóg ar sgeich inaiche na páirce sin agus chonnaic sé na saighdiúirí ag teacht agus d'eiteall sé agus thuit sé ar gach áit a thuit fuil Íosa agus thóg sé ar a bhrollac é agus mar sin ní raibh aon rian ag na saighdiúirí ar aon áit in a ndeachaidh Íosa le fághail. Sin é an caoi a bhfuair an spideóg an bhrollach dhearg.
    Chuir caiptín na saighdiúirí ceist ar an spideóig ar bhfacha sé fear ag dul thart an slighe sin an lá roimhe sin.
    "Ní fhaca ar san spideóg ó'n lá a raibh an síol sin dá cur". "Mar sin ar san caiptín táimíd ag dul an aistear mí-ceart" agus bhí a saighdiúirí casta thart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Mhuineacháin
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraich Mach Floinn
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Áth Cinn, Co. na Gaillimhe