School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 213
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó. Do mhair sé i GCaisleán Ghallerus. Bhé an ainm a bhí air ná Liam |Dhreóidh Mac Gearailt. Ba leis talamh Ghalluras go léir. Dá raghadh bó nú capall ná aon rud isteach na chuid talmhan do choiméadfad sé é. Do théighead a lán ba is caoire isteach ann agus do choimeádfadh sé iad. Do bhí fear bocht ar an mbaile agus an uair seo do chuaidh a asal isteach ann.
Dúbhairt sé na féadfadh sé faic a dhéanamh gan an t-asal. Dubhairt na daoine leis go mbearra dho gan dul chuige acht dúbhairt sé go raghadh mar gan an t-asal ná féadfadh se aon nídh a dhéanamh. Dúbhairt na daoine leis gan dul. D'imthig se agus fuair se an t-asal. Tráthnóna nuair a chonnaich na daoine é ag teacht do chuadar amach roimis. Do bhíodar go léir dá fhiafhruighe do conus a bhfuair sé an t-asal. Sé(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Mhuircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Gallaras, Co. Chiarraí