Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 December 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    360
    "thríos na h-aon chóngar is bhí sé roímpi is é
    cois na teine dho féinig. Seadh! nuair a tháinig
    sí isteach, bhí sí a’ liacharnaig is ag greán.
    "Tá rud éigin ort, a mháthair," fsé. "Tá mhuich
    a dhalta," tí, "chonnac t’athair anocht - indiu."
    "Connus tá sé arú: "fhsé. "Tá sé go maith i
    ndómhnach," fsí, ní fsé liom, fhí, "gur beagh
    a’ cuímhneamh a bhí agam ar tusa a chur
    leis a’ gcéird?" "beannache Dia leis, ba mhithith
    do é sin a rádh leat," fsé, "gu chuímhneamh air.
    "Seadh! tá aon chúig púint amáin agam anois
    a dhalta," t í, "ar maidin amáireach ag tabhar-
    faidh mé dhuit iad’ fhí, "agus téidhir led’ roghadh
    céird." "Tabhair dom na chúig púint ar maidin
    amáireach, f é sin, "i n’fhicfir a theille mé.
    "Seadh! nuair eiríodar ar maidin d’ith sé a
    bhroicfeast is dócha is fuair sé na chúig phúir
    ai d’imthigh sé air sa chnoc fé dhéin a’ Gadaídhe
    Duibh - bhí'os aige cá raibh sé. "Ar thuitim
    oidhche - le luíghe na h-oidhche - bhuail sé isteach
    a’ dorus chun a’ gadhaídhe is d’fhiafraig a’
    Gadaídhe dhe cadé mar shaghas duine é. fsé
    "gur buachaill é tháinig fé ’n-a dhéin go theastuig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir