Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)baighte eile un agus d’fhan sé tímpal agus do dhruid
sé i n-áit ba hsia ó’n dtalamh ná mar a bhí
sé na laétheanna roime sin, agus tráthnóna
deireannach do chonnaic sé an madra ’teacht-
an mada ruadh ’teacht - agus staic cloiche ’n-a
bhial aige. D’fhair sé é agus do chaith sé an chloch
isteach sa trap agus do leag é agus d’ith a’ baighthe
agus do bhailbh leis isteach sa phluais, ar shlíghe
ná fuil aon teóra leis an ínntileacht agus
ar cad air go gcuímhnígheann mada ruadh.
(Dhá bhfiadfí é sin a chríochnúghadh ámhthach leis
na madraí -.) - Bhí fear theas ar na Camánaibh fudó gurbh
ainm do - Seán Ó Súillobháin a b’eadh é - ach
'sé ainm a thugaidís air, Seán na bPúcaí nó
Seán na gCamán. Ar na Camánaibh a bhí
cómhnuidhe air, agus do bhí aithne - ba chuímhin
liom-sa é ’fhiscint, agus do chuala muarán
Éireann ráidhte mar gheall air age daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)