Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa saor sábhálta abhaile a fear agus athair a chéile."
Do shocruig sé leó agus do dhíol sé an phinginn
bheag agus a’ phinginn mhuar leó agus do chuir sé
saor sábhálta abhaile iad, agus siné an uair a
fuair sé a mhac. Siné mo scial-sa agus má tá
briag un bíodh. 'Sé an t-é a chuala ’á rádh
so mar scial, Dómhnall Ó Curráin do chómhnuig
ar na Cúla. Tá sé caillte curtha lé fada
de bhlianta thiar ar a’ gCíll, beannacht Dé
len’ anm agus lé h-anman mhairbh a’ domhain. - Do chómhnuig fear fudó thiar a’ gCrích Ria-
ghallaig 1) agus ’sé an ainm a thugaidís air Seán
Ó Súillabháin. Fear muar - ungna fir go
bráth- a b’eadh é, agus do bhí leirg mhuar fé, agus
do bhí sé ana-mhuar a gcoinnibh na dtighearnaí
talún. Níor mhaith leis cíos ná íoc do dhíol,
agus ní raibh sé ’á dhíol aileis, do bhí talamh
saor aige, agus ní leogfadh scannra d’aonne aca
dul siar mar dhá raghaidís siar ní thagf- Kilrelig - always as above with this speaker(leanann ar an chéad leathanach eile)