Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís un mar a ndintí é seo mar leigheas do-na daoine maithe - na fairies. Siné mo scial-sa agus
scial ná fuil ao’ bhriag un. Bhí aithne agam ar a’ mnaoí seo chómh maith is tá agam ar
mo lámh dhéis nó ’bhí agam ar mo mháthair agus do lonnuig sí annsan i bhfad th'réis an leighis sin a dhianamh dómh-sa a dtig fear oibre a bhí againn taobh linn agus níl aonne go gcloisfeadh sí go mbeadh aon touch fairy stroke aici ná beadh sí fe'n-a dhéin, agus dhin sí muireachtaint ar sin go h-áirschint é an bhean bhocht - ní h-eolach dom go raibh aon teacht isteach eile ar a’ saoghal
aici ach é. - 'Siad na daoine is mó go raibh ainm phúcaí orrtha go raibh aithne agam-sa orrtha, Seán
na gCamán - n’fheaca é sin ach do chualadh trácht thairis - agus do chonnac garraídhe, do bhí
garraídhe aige ar ár gcuid talamh-na shar a dtángamair ann, ní raibh - níor chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)