(continued from previous page)
dhíolta agaí agus airgead dianta agaí ar a’ líon,
tagaí go dtí mise a leithid seo go lá."
"Dianfa sin, a mháthair," adeir a’ mhac is sine, agus
"Dianfa sin, a mháthair," adeir a’ mac is óige.
D’imi an bheirt leóthab, agus chua an mac
is sine go Cúndae na Midhe, i lár na hÉireann,
an áit is feárr ar chuala sé tala a bheith, agus
cheanna sé luach an oiread seo - céata punt
go líon, agus chuir sé é i n-ithir mhath. Agus ar ndú
ní fhaca aoin fhear aríú aon fhás ach mar
rinne an líon. Nuair a d’fhás a’ líon, bhain
sé é agus dhíol sé é, agus rinne sé airgead de.
Agus bhí an t-ám ag imeacht thart, agus ní ru
blas a’ bith dianta ag a’ bhfear óg gá chuid lín
héin ins an ám seo - nuair a bhí airgead
dianta ag a’ mac is sine dhe. Ní dheárna
an mac is óige ach imeacht leis agus a chuid
síl lín héin a chuir isteach i long (lúng), gur
lochta sé í, agus gho sé go Ceánn Léime leis an
líon - shíol a’ lín. Agus nuair a gho - "muise,"
adeir sé, "níl ithir a’ bith níos gloine ná níos
doimhne," adeir sé, "ná tá inseo á’m-sa le h-aghaidh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.