Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0084](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0084.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0084
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)mí- fhoighdeach - dúirt sé dhá nglaoidhfeadh sé an tríú h-uair go dtiocadh sé anuas agus go mbainfeadh sé an ceann de. Ghlaoí an coileach an tríú h-uair. Anuas le fear a’ tighe, beireann
sé ar an gcoileach agus marbhuíonn sé é. Cuireann
sé sa bpota é. Léimeann sé aníos as an bpota agus gluíonn sé arís! Nuair a chonnaic an
gadaí an mhìorúilt sin d’eirigh sé amach chuig fear a’ tighe agus thug sé é héin suas dó. - Ag Ballyturn Castle (par.Chill Fhéichín, Killbeacanty) a chomhnuigh Máire na gCloigeann i bhfad ó shoin sa tseanaimsir. Cineál ban-taoisigh a bhí innti agus ní h-é an deagcháil atá urthí. Bhí sí ag
dul an bóthar lá i n-a cóiste agus casadh baintreach bhocht duith a bhí a’ seóladh bó ar an mbóthar. Thaithnigh
an bhó le Maire na gCloigeann agus dúirt sí leis a’* "Coileach Mártan’ an coileach is fearr .i. níor mhór go mbéarfaí an ubh agus "go dtiocadh an t-éan amach" i Mí na
Márta. Agus sén triú h-ál (no "thírd brood") is fearr.
(sgéalaí)(continues on next page)