Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0162](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0162.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0162
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)dhiaidh sin.
Bhí beirt mhanach a dul an bealach lá
agus chuala siad an páiste a’ caoineachán. Bhí
duine de na manaigh ’n-a dhall agus bhí an
duine eile ’n-a bhacach, agus bhí an bacach
dhá iompar ag an dall. Dubhradar go mba
chóir dóibh an páiste a bhaisteadh. D’fhiathraigh
an dall den bhacach an rabh aon uisge
le feiceál thart tímpeall air. Dúirt seisean
nach rabh. D’fhiathraigh an dall de ann-
sin an bhfaca sé fiodhaga a’ fás i n-
aon áit thart air - agus áit ar bith a mbeadh
tom fiodhaga (rushes) a’ fás bheadh uisge
le fáil ins an áit sin. Bhí an bacach a’
féachaint faoi agus thairis go bhfaca sé
áit a rabh fiodhaga a’ fás. Thriall siad
ar án áit sin. Rug an dall ar na fiadh-
aga agus tharrain sé as an talamh iad.
Bhrúcht an t-uisge aníos agus buaileadh cuid
de is na súile air. Fuair sé a amharc ar
an bpoinnte sin. Leigheasadh an bacach freis-
in. Agus is ins an áit sin ar sgárd an(continues on next page)