Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0472

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0472

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    searabhánta bhí thimpull ar a’ bpálás aige go ru
    an iníon a goil a’ pósa leis a’ bhfear seo, nó
    céard a dhianfach sé chor a’ bith?"
    "Well níl aon phioc le diana a’d," adeir
    ceann go na maighistireásaí móra a bhí aige, "ach
    é chuir ag báis (sic)."
    "Níl," adúirt a’ rí, "ach cén sórt báis a
    chuirfeas muid air?"
    "Níl aon bhás gá leithide sin d’fhear," adeir sé,
    "ach é dhógh - tine chuir síos agus é dhógh. Sin é an
    rud is fearr a dhianfaí leis," adúirt sé.
    Well bhailigh sé insin daoiní agus bhí an oiread
    guail (góil) bailíthe ucú nó gur chuir siad an
    tine síos; bhí sí seachtain gá diana agus gá bail-
    iú. Agus gach uile shórt duine, - fear, bean agus
    páiste, - thimpull na h-áite ar fad bhí siad le
    bheith bailíthe ánn an oíche a bhí sé le dógh. Fuair
    sé cuntas air. Agus ní ru aige ins a’ saél
    ach buachaill aimsire, agus nuair a thainic an oíche -
    "tá sé cho math dhúinn," adeir sé leis a’ mbuachaill, "a
    dhoil ánn, agus an bás atá róm é ’chur dhuíom."
    "Tá sé cho math," dúirt an buachaill. "Tá Dia
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 March 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir