Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus bhain sí dluíodán eile as a chloigeann agus
chuir sí i n-a póca é. Nuair a chonnaic (hainic)
sí an ollaphéist a’ teacht - bhí sé i bhfad níos
fiadháine ná bhí sé an chéad lá - dhúisigh sí
Eóinín, agus d’eirigh sé suas agus chuir sé a bheilt
faoi n-a lár agus gho sé amach faoi dhéint an olla-
phéist, agus bhuail sé buille air agus bhain sé an leath-
bhlaoisg eile dho. Bhí an fharaige reóite le fuil
ar a’ nóiméad, ach d’untui an ollaphéist amach
ins na faraige (sic) aríst. Thainic sé isteach is
dúirt sé le iníon a’ rí a dhoil abhaile - go ru
sí sábháilte inniu, cebo rud a dhianfas a’ lae
amáireach. Dhin sé aithgiorra cho fada be n-a
chuid beithí agus thomáin sé abhaile iad. Agus bhí an
feilméaraí sa mbaile roimhe agus d’fhiara sé dho
cé chaoi ar gho an lá. D’innis a’ feilméaraí dho
gur eirigh an rud céanna inniuv mar bhí sé
inné agus ná rabh ’fhios an síos thríd a’ tala
nó suas san aér a chua an gaisgíoch.
Ach a’ tríú lá bhailigh na daoine mar dhin siad
a’ dá lá eile, agus tomháin Eóinín a chuid beithí am-
ach i dtala na fathachaí, agus dhin sé aithgiorra treasna(leanann ar an chéad leathanach eile)