Imleabhar: CBÉ 0370

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0020

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    20
    bara agus thug sé síos giota an bealach
    mór é. Bhí mall cloch briste ar thaoibh
    an bhealaigh mhóir: "toisigh", ar seisean.
    "agus cuir na clocha sin anonn go dtí
    an taoibh éile de’n bhealach mhór."
    D’oibir sé leis go dtí an oidhche.
    Tháinig sé ’na’ bhaile fuair sé a
    shuipear agus chuaidh sé a luighe. Maidín
    lá ar na bhárach chuaidh sé síos agus
    chuaidh sé a d’obair arais. Bhí
    deireadh na gcloch thall aige tráthnóna
    is tháinig sé aníos go bhfeicfeadh sé
    goide a bhí sé a’ gabhail a dheánamh.
    Bhuail sé ag an dorus. Tháinig an cailín
    amach.
    5
    "Bhail goide tá dith anois ort?"
    D’innis sé díthe go rabh na clocha
    uilig athruigh aige agus gur mhaith leis
    fhaghail amach goide a bhí sé a gabhail a
    dheánamh go dtí an oidhche. Tháinig an
    fear mór amach. "Ó’ ní fheicim mórán
    lé deánamh agat. Tabhair leat is gabh
    síos is cuir anall arais iad."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    9 June 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir