Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)20
bara agus thug sé síos giota an bealach
mór é. Bhí mall cloch briste ar thaoibh
an bhealaigh mhóir: "toisigh", ar seisean.
"agus cuir na clocha sin anonn go dtí
an taoibh éile de’n bhealach mhór."
D’oibir sé leis go dtí an oidhche.
Tháinig sé ’na’ bhaile fuair sé a
shuipear agus chuaidh sé a luighe. Maidín
lá ar na bhárach chuaidh sé síos agus
chuaidh sé a d’obair arais. Bhí
deireadh na gcloch thall aige tráthnóna
is tháinig sé aníos go bhfeicfeadh sé
goide a bhí sé a’ gabhail a dheánamh.
Bhuail sé ag an dorus. Tháinig an cailín
amach.
5
"Bhail goide tá dith anois ort?"
D’innis sé díthe go rabh na clocha
uilig athruigh aige agus gur mhaith leis
fhaghail amach goide a bhí sé a gabhail a
dheánamh go dtí an oidhche. Tháinig an
fear mór amach. "Ó’ ní fheicim mórán
lé deánamh agat. Tabhair leat is gabh
síos is cuir anall arais iad."(leanann ar an chéad leathanach eile)