Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)21
Chuaidh sé síos. D’oibir sé leis go
dtí an oidhche ag cur anall na gcloch agus
tráthnóna lá ar na bhárach bhí siad i
bhfos arais aige san áit a rabh siad a’
chead uair. Tháinig sé aníos go bhfeicfeadh
sé goide’ bhí aige lé deánamh.
"Och ní fheicim mórán lé deánamh
agat," ars an fear mór, "toisigh agus
cuir anall arais iad."
Thoisigh sé ar na clocha agus chuir
sé anonn arais iad an tríomhadh h-uair
tháinig sé aníos go bhfeicfeadh sé goide
a bhí sé a’ gabhail a dheánamh. D’iarr
an fear mór air a ghabhail síos agus
a bhfágáil san áit a rabh siad an
chead uair a n-athrach arais. Chuaidh
sé síos. Lean an fear mór síós é
go bhfeicfeadh sé goide a bhéadh sé a
rádh. Chuaidh sé a d’obair agus thoisigh
sé a mhallachtaigh ar Éabha is ar
Ádhamha. Tháinig an fear mór aníos
fhad leis: "goide rinne Éabha is Ádhamha
ort", ar seisean.(continues on next page)