Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0049](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0049.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0049
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)go dtí go rabh sé a dheas de a bheith i mbun a mhéid. Ní fhaca sé mórán daoiní ariamh; ní rabh sé amuigh fríd chruinniú ar bith. Tógadh aníos ar an uaigneas é agus ní rabh fhios aige eadar an maith agus an t-olc. Ní théarn sé a dhath ariamh ach ag buachailleacht chaorach; agus níl mé rádh go rabh fhios aige go rabh obair ar bith éile ar an domhan lé deánamh ag
duine ar bith.
Maidín amháin go n-iongantach
luath, bhí sé amuigh ag amharc indiaidh a chuid caorach agus crunthaigh sé cúpla ceann aca agus shiubhail sé leis
fríd an t-Sliabh a gcuartughadh ach ní rabh dol aige a bhfaghail. Shiubhail sé mílte ar bhun mílte. Fá dheireadh goide a rinne sé ach a theacht ar amharc an bhealaigh mhóir. Maidín dheas chiúin thé a bhí ann. Tcí sé na sloighte a’ tarraingt air anoir. Agus dar leis féin
ar b'fhéidir go bhfuil an oiread sin(continues on next page)