Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0050](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0050.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0050
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)50
daoiní ar an domhan ar chor ar bith
agus
leanfaidh mé díobhtha go bhfeicfidh mé
cá bhfuil siad a’ gabhail. Shiubhail leis.
Maidín Dia Domhnaigh a bhí an agus
na sláighte a’ gabhail ’un aifrinn. Lean
sé siar iad fá deifre agus chuaidh sé
isteach go teach an phobáil 'na ndéidh.
Bhí an mhaidín iongantach té agus nuair
a tháinig sé isteach, chaith sé do a
chóta mór agus an ghath-gréine a
bhí a’ teacht isteach ar an fhuinneóig,
chaith sé a chóta mór ar an ghath-gréine
agus choinnigh an gath-gréine suas é.
Ní rabh dé sin ach sin, bhí iongantas
ar achan duine. D’éist an buachaill
an t-Aifrinn. Thóg sé a chóta mór
nuair a bhí n t-aifrionn thart agus
bhog leis a’ tarraingt ar an bhaile.
Bhí an casán fada agus nuair a bhain
sé an baile amach teacht na h-oidhche
bhí a muintear gearr sgannruidh; shíl
siad gur caillte a bhí sé. D’fhiafruigh
siad do cá rabh sé agus dubairt sé(continues on next page)