Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)181
Séura chrithín i ndán chuínn. D’ínns sé dho
connus mar chaitheach capaill a’ próiste bheith
aige agus tománaí agus nár bhféidir lé aon
duin’ eile ó’n bpróiste dul insa tráig an
lá san ach é fhéin amháin.
"Deire mhuise a dhuine," arsan duine seo leis,
"Sin rud mí-cheart atá age’n bhfear soná
dhéunamh agus atharn athurnac dlí iseadh mise
agus cuirfi’ mé ar do shúile tú’nois ar
connus is ceart díbh deire chuir leis a’
mbiothúnach san a’ déunamh na curtha san
nuair a raghair abhaile anois," ar sisean
oraibh."
inns do mhuíntir a’ próiste an scéul
atha ínnte dhom-sa dhuit agus pé’n lá a
bhei’ sé sin chuin dul ’on tráig thugaoíg
na capaill do agus na tománaithe agus bhí thuas
ar bhárr na h-aille nuair a thiocfaig an
chéud chapall aníos agus túbhair an scian ar
bhurlaithe (1) na h-úmacha [n-úmacha] agus sgaoíl
ar gach taobh do na capaill iad agus din mar
an gcéadna leis nach aon chapall dtí go
dtiocfaig am tóir ort chuin tú stop."
(1) an dá gad a bhíonn ag ceangal dhá chléibh na h-úghamach(leanann ar an chéad leathanach eile)