Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)dúinn dul ann. Ní rachadsa ann ars an fear eile léanfhaidh mé an taithgiorra agus cebe cen duine a bhéas ag ceann an bhóthair fanadh sé leis an duine eile.
An fear a chuaidh an bothair direach ní raibh tuairisg ar bith ar an fear a chuaidh an taithgiorra.
Nuair a bhí sé cupla uair annseo tháinic mo duine chuige, agus ní raibh snaithe eadaigh ar a chroiceann. Dfiarr an fear ceárd deirigh dhó, agus dubhairt seisean, gur casadh robáillí leis sa gcoill, agus nár fhág siad eadach ná airgead aige. Buel annsin dubhairt an fear a thóg na comhairlí. Be Dad tá an cead comhairle ceart ar aon bhealach.
Annsin dimthighe gac duine a bhóthair feín agus nuair a tháinic an oidhche casadh isteac i dteach an fear a thóg na comhairlí. Ní raibh sa teach seo acht sean fear agus bean óg. Dfiarr sé loistín ortha agus fuair sé é. Faoi cheann sghathm [< sagham] chuaidh an sean fhear amach ar an tsráid, agus dfiarruigh mo duine don bhean óg an é sin a hathair. Ó Muise ní hé, ach amadán do fhear a chur iallach orm é phósadh agus níl(continues on next page)