Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)suimneas ar bith agam uaidh acht ag tróid liom agus ag fághail locht ar mo chuid oibre i gcomnuidhe.
Chuimhnigh an fear annsin ar an comairle a thug an feirmeóir dhó. I gceann sgatham chuaidh an bean óg suas sa seomra, agus nuair a fuair seisean shuas ann í dimthighe sé amach, agus chuaidh sé i bfolach sa niothlann a raibh taobh shuas don teach. Gearr gur chuala sé daoine ag teacht chun an tighe, agus thógadar amach an sean fhear, agus sé bharamhail gur mharbhuigh siad é. Dubhairt seisean annsin gur tháinic an dara comhairle ceart. Dfánn sé mar sin go dtáinic an lá, agus dimthighe leis Bhí sé ag tarrainght ar an mbaile annsin ar theacht an tráthnóna. Buel anois dubhairt se leis féin nach bfeicfheadh duine ar bith ag teacht chun an tighe é, agus más rud é go bfhuil a bhean, agus a mac básuighthe dimtheochadh sé aríst gan aon duine é fheiceal. Tháinic sé chuig an doras ag ní raibh aon ghlas air, agus nuair a dfosgail sé an doras, bhí an leabaidh sa gcluid direach mar dfág sé féin é, agus bhí fear sa leabaidh le na bhean, agus feasóg fhada(continues on next page)