Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)fada [!] air. Shíl sé annsin gur fear eile a bhí pósta le na bhean, agus tháinic an fearg air
Dfosgail sé an sgian go mbainfheadh sé an ceann de, ach chuimhnigh sé ar an triomhadh comairle a fuair sé a phíopa a líonadh le tobac. Dhearg sé an phíopa agus ba ghearr a bhí sé dá chaitheamh, nuair a dhúisigh an fear a bhí sa leabaidh, agus bhruagh sé a mháthair le na láimh, tá m athair annseo deir sé. Dhúisigh an máthair agus bhí riméad mhór uirri nuair a chonnaic sí é, deirigh sí agus fuair sí sí [!] bidh dhó le nithe, acht dubhairt sé lei go raibh caca ar iochtar an mhála, agus gur dhubhairt an feirmeóir a doibrigh sé dhó gan é a gearradh ná é a bhlasadh go dtugadh sé dá bhean an cháca. Fuair a bhean an cáca agus nuair a shíl sí é a gearradh chionn uirrí
Fuair sí tuagh annsin agus gearr siad é agus sin é an tam a dtáinic an tairgead as an gcáca páighe blian is fich, agus bhí slighe bheatha aca an fhead is mhair siad.