Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0142](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0142.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0142
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Sean Fhoclai
"An té tá shuas óltar deoch air
An té tá shíos buailtear cos air."
"Níor chaill fear misnigh ariamh e."
"Beirt ag troid agus iad ar aonsgéal".
"Ní thagann an chiall róim aois."
"An té tá magadh, bíonn an leath faoi fhein"
"Nuair a bhíonn an t ól istigh bíonn an chiall amuig"
"Is feárr marcaigheacht ar ghabhar na coisidheacht dá fheabhas" - (continued from previous page)Tomhaiseanna
1. "Corcán óir lán do fheoil bheo"
2. "Droichead ar loch gan maide gan cloch"
3. Gillín ó gill ag dul thart amuigh ag innseacht a sgécl [!] gan féadh gan fuil.
4. Tá sé shoir tá sé shiar, tá sé i ngáirdín Baile Áth Cliath tá a ghreim níos mó ná greim chapaill agus ní blasann sé aon bhídh
5. Sean fhear sa ngarrdha agus dhó cead cota mór air.
6. Chuaidh mé suas agus síos an boitrín agus thug mé an boithrín ar mo dhruim liom
Na Freagrai.
1. Mearacán agus do mhear istigh ann.
2. Leac oidhre ar loch
3. Litir.
5. Gas gabhaiste.
4. Speal nuair atá sé baint fhéir.
6. Dréimire ar do dhruim.