Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)acht nuair shroic sé an talamh bhí an liaracín fágtha ina diaidh aige agus ní raibh aige le tabhairt di acht naoi méaraí. Cheap seisean go raibh siad leis uilig acht nuair chonnaic sé go raibh ceann acu fágtha ina dhiaidh aige bhí brón mór air. "Ó", ar sise ná bíodh brón ar bith ort ní mór an méid ceann amháin acu ní thiúbhraidh m'athair go deo faoi deara imthighthe díom í. Chuaidh sí abhaile annsin agus níor leig sí uirthi féin tada. Nuair a thainic an trathnóna dfill seisean abhaile agus na h-uibheacha leis.
Nuair a chuaidh sé isteach thug sé don ríog iad agus níor dhúbhairt sé luach an bhioráin. I gcionn tamaill don oidhche chuaidh an cailín chun cainnte leis agus dúbhairt. "Bhuel", ar sise tá an méid a bhí le déanamh ag m'athair déanta agat anois agus ina dhiaidh sin féin marbheóchaidh sé thú le geala an lae i mbárach bainfaidh sé an cloigeann díot. "Anois déanfaidh mise trí cácaí agus ar maidin i mbárach nuair a ghlaoidheas sé ortsa bheadh ag éirighe labhaireóchaidh an cáca agus sílfidh sé gur thusa a bhéas ann i gcómhnuidhe.
Fágfaimíd na trí cácaí istigh ins an tseómhra agus imtheóchaidh muid beirt le geala an lae ná bféidir roimhe sin. Déanfaidh sin", ars an buachaill táim sásta. Rinne an cailín na trí cháca annsin agus chuir sí istigh ins an tseómhra iad. Chuaidh siad go léir i gcodhladh acht i lár mheadhon na hoidhche déirigh inghean an ríogh agus ghoid sí an(continues on next page)