Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0207

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    chlaidheamh soluis ó na h'athair. Isteach lei ina tseómhra a raibh an buachaill ina chodhladh ann agus dhúisigh sí é. Déirigh seisean go tapaidh agus réidtigh sé é féin. Thug siad leo an beithidheach a bhfearr a bhí ag an ríogh agus ghluais siad beirt le chéile.
    Ar maidin ghlaoidh an ríogh ar an mbuachaill agus dúbhairt sé leis bheadh ag éirigh. Labhair an cácha agus dúbhairt béidh mé in mo shuidhe gan mhoill. Ghlaoidh an ríogh an dara huair agus dfreagair an dara cáca é. An thríomhadh uair a ghlaoidh sé labhair an tríomhadh cáca agus dúbhairt, Tá mé ag teacht amach anois. Rinne an ríogh moill go ceann tamaill acht nuair bhfada leis bhí an buachaill gan theacht amach déirigh sé suas go tapaidh agus isteach leis ina tseómhra go bhfeicfadh sé cén fáth nach raibh sé ag teacht amach. Nuair chuaidh sé isteach ní bhfuair sé roimhe acht tom agus neanntóg.
    Amach leis ina rith agus dinnis sé an sgéal don bheirt eile inghean go raibh an buachaill imthighthe agus a inghean leis agus a chlaidheamh soluis freisin. "Ó is fíor sin", ar seisean tá an beart buailte aige orm. Thug an ríogh ordú don arm a bhí aige imtheacht ina ndiaidh agus iad a cheapadh dhó féin. M'anam", ar seisean acht a bhfuighidh mise greim ar mo inghean acht gur fada an lá go n'imtheóchadh sí le aoinne arís. Nár shíl mise nach raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    18 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant