Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0208

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    aon inghean agam a bhí chomh críona leis an inghean sin. Dimthigh arm an ríogh ina ndiaidh acht nuair chonnaic an inghean ag teacht iad chaith sí cipín beag in diaidh ar an talamh agus ar an bpoinnte boise dfás coill mhór mhillteach eidir í féin agus iad héin. Béigean dóibh pilleadh abhaile go bhfuair siad tuagh le na mbealach a dhéanamh tríd.
    Ba ghearr go dtainic siad arais agus ghearr siad a mbealach tríd gan mhoill. Bhí mac an ríogh agus an bhean giota maith chun bealaigh an uair seo agus nuair chonnaic sí ag teacht arís iad ní dhearna sí faic na fríghde acht aithine beag a chaitheamh ina diaidh arís agus ar an nóiméit bhí teine mhór mhillteach eidir í féin agus iad agus le mhéad agus an faitchíos a chur an teine ortha dfill siad abhaile gan pilleadh níos mhó. Shroic siadsan talamh na h-Éireann slán sábháilte agus ní raibh aon fhaitchíos ortha níos mhó.
    Nuair a bhí siad i ngar do theach a athair dúbhairt an cailín go bhfanfadh sí féin i dteach eicínt eile nach ngeobadh sí abhaile leis. Acht", ar sise nuair shroiceas tú an teach béidh na mílte fáilte ag d'athair rómhat agus déanfaidh sé a sheacht ndicheall thú a phógadh acht ar chroiceann de chluaise ná leig dhó ná má leigeann déanfaidh tú dearmad ormsa. Ní leigfaidh", ar seisean ná bíodh faitchíos ort. Dísligh an cailín anuas agus isteach lei go teach ar thaobh an bhóthair agus sén sórt fear a bhí ina chómhnuidhe ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    18 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant