Volume: CBÉ 0441 (Part 3)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0152

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    152
    é an chéad fhear i n-Iorrus é a rinne obair chloice ann.
    maith
    Maith go leór annsin tá tobar an chomh agus ní féidir le
    aon bhean aon dear uisce a thóghail as dá dtóigeadh thionnteóchadh
    an t-uisce isteach ina fhuil. Ní raibh ina gcómhnuidhe ann acht
    trí lánamhaineacha fadó shoin. Aon lá amháin chuaidh na fir chun
    an aonaigh le ba agus caoiraigh agus níor fhágadh ar an oileán acht
    an truir mná agus gasúirín beag. Uair ar bith a bhíodh uisce ag
    teastáil uatha théigheadh bean acu chomh fada leis an tobar agus
    cana beag lei agus an gasúr chomh maith. Sé an gasúr a thóigeadh an
    tuisce aníos acht go mbíodh greim láimh ag an mbean air le
    faitchíos mio-thas ar bith thárlá.
    Chuaidh an lá thart agus déirigh leo go maith acht ins
    an tráthnóna bhuail tinneas fheachail ceann de na mná agus bhí dí go
    han dona ar fad. Bhí siad ag fanacht lei na muinntir a bhí ins
    an mbaile Mór a feadh an tráthnóna acht níor thainic siad go dtí
    lá ar na bhárach. Da bhrígh sin béigean don trúil mná seo codhladh
    ar aon leabhaidh le chéile agus an gasúr chomh maith. An bhean a raibh
    an tinneas feachal uirthi bhí sí le bháinidhe agus facthas di dá mbeadh
    gráine tobac aici le chur síos ina fheachail nach mbeadh sí chomh
    dona acht in i nionnad sin ní raibh gráinne le fághail agus chuaidh
    siad i gcodhladh go léir. An bhean a bhí tinn sí bhí ar cholabh
    na leaptha agus í ag éagínt go chruaidh.
    Deamhan i bhfad a bhí siad ina gcodhladh nuair siúbhaige
    bheirt fir bhreágh dóghamhail isteach chuca agus sheas siad ar lic na
    nr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    3 November 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant