School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí mach aige agus ní nach ionghnamh ba mhaith leis, an mach a chuir le ceirt eicínt. Ba mhaith leis an athair go mbéadh an mach go maith ag cleasaidheacht. Tráthamhail go leór tháinig Caitín Regimint na gCleas thart agus dubhairt sé leis an fhear go mbéadh a mhach ina cleasaidhe maith ach é leigint leisin ar feadh lá agus bliadhain. Dubhairt an tsean-fhear go nglachfadh se leis an gcomhairle sin agus go mbadh mhaith leis an mach a feiceál i gcionn lae 'gus bliadhain. Bí go maith. D'imigh an mach leis an gcaiptín. D'fhoghluim sé go leó cleas acht ní raibh sé baoghal bheith chomh maith leis an gcaiptín. Mhothuigh an t-sean-fhear an t-am iongantach fada. Ar deire tháinig an mach agus thosuigh sé ag teasbáint na gcleas d'fhoghluim sé do'n athair. Bhí Regimint na gCleas leis an ngasúr an t-am seo. Ní raibh athair an ghasúir sásta leis na méid cleas a d'fhoghluim an gasúr. Ba mhaith leis an athair go mbéadh a mhach chomh maith leis an gCaiptín é féin. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé a mhach leis(continues on next page)
- Collector
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo