School: Caurane (C.) (roll number 13176)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: Bean Uí Fhaoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Leig anuas an fear sin agus chugaibh bó," ar seisean. Leig siad anuas é is thóg seisean an fear is chuir sé ar a ghualainn é. Tháinig sé abhaile annsin chuig a mnaoi agus bhí fear na casóige báine leis. Ar dhíol tú an bhó?" ar sise. "Dó dhíol," ar seisean. "Cá bhfuil a luach?" "Seo é," ar seisean le fear na casóige báine. "Ora," ar sise, "céard a dhéanfas muid gan greim le n-ithe againn - agam féin nó ag na páistí." "Fan go fóill," ar seisean, go dtiocfaidh an oidhche."
Nuair a tháinig an oidhche dubhairt sé leobhtha an pota a chuir síos. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach caora ar a dhruim. Caith sé ar an urlár í is mharbhuigh sé í. Thosuigh an feannadh is chuir siad sios í is d'ith siad í. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach dhá cheann eile, is ó'n dearbhrathair saidbhir a thug sé iad.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Giolla Gaeling
- Gender
- Female
- Address
- Caurans Upper or Oughterard, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Giolla Gaeling
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Caurans Upper or Oughterard, Co. Mayo