School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchus I dTaobh Na h-Aimsire
Fadó bhí a lán eolais ag na daoine i dtaobh na h-aimsire agus bhí fhios aca nuair a bhéadh athrú ag teacht ar an aimsir.
Nuair a bhíonn fearthain ag teacht bíonn na néalta dubh agus íseal agus bíonn fáinne buidhe thart ar an ngealaigh agus í an chómhgarach dí agus shílfeá go mbeadh na sléibhte an chómhgarach duit.
Nuair a chorruigheann tú an ghríosach san oidhche má bhíonn dath gorm air deirtear go mbeidh baisteach again sar i bhfad. Má thuiteann súithche anuas an similéar sin comhartha baitsighe. Mara mbíonn an similar ag tarraingt go maith deirtear gur comhartha baistighe é sin freisin. Má luigheann an cat in aice na teine agus a dhruim leis sin comhartha báistighe. Má bhíonn an toit ag dul suas díreach sa spéir ón(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male