Scoil: The Neale (B.)
- Suíomh:
- Neale, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: The Neale (B.)
- XML Leathanach 100
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus theigheadh sé amach gach oidhche ag sgóraidheacht le na comharsanaibh, agus ní thiocfadh sé abhaile go dtí breacadh an lae. Bhí a bhean ag rád leis i gcómhruidhe go mba mhaith léiti da mbéarfadh na taidhbisc air oidhche eicínt, agus annsin ar sise "tiocfaidh tú abaile in am"
Oidhche amháin agus é ag teacht abaile glaodhadh air, stad sé agus dúbhairt duine eicínt leis "Tóg é seo" "Tóg é seo". Thóg sé agus céard 'bhí ann acht páisde óg a bhí [?]goidthe ag na taidhbhise. Níorbh fhéidir leobhtha páisde a ghoideadh gan congnamh a fhágha ó dhuine saoghalta, agus sin é an fáth a ghlaoidh sé ar an bhfear. Bhuail an fear an páisde faoi'n a chóta agus dúbhairt sé "beannacht Dé le mo leanbh agus thug sé abhaile go dtí a teach é. Nuair a ghoideann na taidhbhise páisde deirtear go gcuireann siad taidhbise i bhfuirm páisde marbh ina áit, agus sin mar a bhí an sgéal le na daoine ó nár goideadh an páisde, a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mrs French
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Neale, Co. Mayo