School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí siamsa is ceol acu i rith na hoidhche agus an lae dár gcionn. Annsin do b’éigin do’n Concubharach a bheith ag bogadh chun gnó éigin a fhreastal.
Bhí sé buidheach nuair a scar sé leis an gcuideachtain mar bhí fhios aige nach raibh a ainm slán fad is bhí sé faoi dhíon na tighe sin. Ghluais sé leis faoi’n sruth idir an dá loch go dtí go raibh sé as radharc an chaisleáin agus annsin sheas sé fá aill nó carraig mór chun cuid de’n anfa a leigint thart. Bhí sé annsin ar feadh tamaill ag dearcadh uaidh nuair a thuit cloch mór anuas agus bhuail sa chloigeann é.
Maidin an lae amáraigh fritheadh Rí Concubhar marbh fa bhun Éille agus a cheann sgoiltighthe ag cloch a thuit ó’n aill ach bhí aimhreas ar na ndaoine mar gheall ar a bháis. Bhí brón mór ar gach aoinne ina dhiaidh an Rí agus go mór mhór ar Thomás Fuilteach, mar dhóigh dhe.
An oidhche sin agus Tomás sínte ar a leabadh sa gCaisleán thosuigh an fuar alluis ag tuitim de agus níorbh fhios do cé’n fáth. Nuair a bhuail an clog a dó déag chuala sé duine ar an staighre amuigh ag teacht anuas. Flop-flop-flop. Ó ! an stadfadh sé riamh. Bhí Tomás(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhearchair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Ballyglass, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Other names
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Mrs Mary Thornton
- Gender
- Female
- Age
- 96
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo