School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag creathadh in a leabaidh is an fuar allus ag stealladh uaidh. Flop-flop – agus stad na coas taobh amuigh de a dhoras féin. Cérbh é a bhí ann? ná céard bhí uaidh an uair seo den oidhche?
Foscladh an doras go mall. Tháinig rud dubh isteach. Dúnadh an doras go mall. Tháinig sé i dtreo na leabthan leis an gcois-meig daingean céudna. Stad sé ós cionn na leabthan agus bhí Tomáisín bocht beagnach i ndeire a scr be le teann faitcíos ná labhairt ná cor a bhaint as féin. Bhí sé ag iarraidh scread a dhéanamh agus ní fhéadfadh sé. B’fhada leis gur labhair an duine acht labhair sé leis sa deire go garbh, brónach, uaigneach.
“Is mise Rí Concubhar.”
Annsin chrom sé síos agus rug sé greim daingean ar an bhfear. Thóg sé as an leabthan é. D’arduigh sé ós cionn a cheann é agus annsin bhuail sé in aghaidh na talmhan é de flop. Rinne sé seo trí uaire agus d’imthigh leis. Ar maidin fritheadh Tomás ar an urlár i gcró-línntí an bháis agus é dubh ó bun go bathas. Tháinig sé cuige féin beagáinín i rith an lae acht ní raibh ghá rádh aige acht mar gheall ar Rí Concubhar. Níos mó ná a déarfadh sé dá mbéadh a chiall aige.
Um thráthnóna do labhair sé agus dubhairt le’n a lucht freastal faire air an oidhche sin acht gan focal ar a bhfeicidís nó a chloisfidís a scéitheadh ariamh. Tháinig an dorchadas. Tháinig an meadhon oidhche agus má tháinig, tháinig Rí Concubhar leis mar an oidhche cheana. Ní fhaca aoinne é nó níor chualadar é acht amháin Tomáisín féin(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhearchair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Ballyglass, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Other names
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Mrs Mary Thornton
- Gender
- Female
- Age
- 96
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo