School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do scread sé agus do bhéic sé ortha é a chosnamh acht cheapadar gur ag ramhailligh a bhí sé gur chonnaiceadar é ag árdughadh as a leabtha agus ghá chaitheamh go traen in aghaidh na talmhan agus a screadú agus a bhéicí ag déanamh macalla tré an chaisleán. Tháinig an maidin is bhí Tomáisín buailte amach agus beagnach i ndeire na fríghde le teann sgeon is laige. Is beag neart a bhí ann i rith an lae ach a speallraoi is a caint tré na cheann. Um thráthnóna tháinig sé chuige féin beagáinín is do gheall sé gach a raibh aige do a lucht coimhdheachta acht gan an taibhse a leigeann isteach chuige an oidhche sin. Thuit an oidhche go luath is bhí droch-chosamhlacht ar an aimsin. Bhí an loch go hana-corruighthe is na sléibhte go bagarthach le tuitim na hoichche. Ag tarraingt ar an meadhon oidhche bhris stoirm mór anuas ar an gcaisleán. Cheapfá gur áil leis an ngaoth an caisleán a leagadh go talamh agus fearrthan é a shlugadh léi. Bhí an tóirneach ag déanamh micalla leis na sléibhte agus an tein[treach] ag lasadh na spéire. Tháinig an meadhon oidhche agus chomh cinnte is a tháinig sé tháinig an taidhbhse agus dá láidir a shéid an ghaoth agus dá mhéid glóire na tóirnighe chuala Tomáisín ag tigheacht é. Do chuir sé scread in dhiaidh scread as a bhain[feadh] deoraí as na clocaibh glasa agus rug sé greim ar cholp na leabthan chun é féin a shábháil acht sin a raibh aige dá bhárr. D’árduigheadh é go díon an tseomra agus caitheadh síos arís in aghaidh an talmhan é le plimp amháin agus cheapfá gur ceart gach cnámh a bheith briste ann. D’árduigheadh arís é agus caitheadh arís é. Annsin d’árduigheadh an tríomhadh uair comh hard leis an díon é. Leig sé scread uathbhásach as a dhúisigheadh na marbh agus annnsin bualadh le traen iarraidh in agha na talmhan é. Shéid an ghaoth, do bhuail an fearrthan. Do bhain an tóirneach macalla as na sléibhte is do leas an teintreach an seomra agus annsin scar anam Thomáisín ó na chorpa agus chuaidh Rí Concubhar chun suaimhneas.
- Collector
- Bríghid Ní Fhearchair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Ballyglass, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Other names
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Mrs Mary Thornton
- Gender
- Female
- Age
- 96
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo