Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)

Suíomh:
Gortskehy, Co. Mayo
Múinteoir:
Tomás Ó Cléirigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Sceithe
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “An Buidéal Iontach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Pádhraic Ó Mongán agus a bhean in a gcomhnuidhe faoi'n dtuaith. Bhí thriúr clann aca, Tadhg, Tomás agus Nóirín. Bhíodar go léir sona sásta uair acht thainig an cruadhtan agus an anró ortha. Tháinig an duibheachán ar na fataí. Mhil an droch-uair an t-arbhar ortha. Mharbhuigh galar eigean na beithidhigh ortha.
    Bhí lá an chíosa ag teacht, ach má bhí ní raibh pighinn ruadh san teach. "A Phadhraic," arsa bhean a' tighe le n-a fear. "Téirigh chun an aonaigh amáireach agus díol an bhó bhán." "An bhó bhán do dhíol," arsa Pádhraic an ag magadh atá thú, nó an amhlaidh nach bhfuil fhios agat nach bhfuil againn acht í." "Is cuma sin, a stór, caithfidh sinn airgead an chíosa d'fhaghail."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Annefield, Co. Mayo