Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)

Suíomh:
Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Cléirigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Sceithe
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “An Buidéal Iontach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí Padhraic Ó Mongáin 'na shuidhe go moch ar maidin ag siúd chun an aonaigh, maide draighin in a láimh aige agus an bhó bhán roimhe amach. "Stad, a Nóirín, ag an geata ag feachaint ar an mbó ag imtheacht. Bhí uaigneas ar an gcailín bocht agus nuair d'imthigh an bhó as a h-amharc ar fad do ghoil sí go mór.
    Nuair do bhí Pádhraic tamall ar an mbealach céard do leimfeadh amach thar an gclaidhe ach firín rua. "Dia dhuit, a Pádhraic," ars an firín rua. "Dia 's Muire dhuit a fhir chóir," ars Pádhraic agus é ag brostú. "Céard tá uait ar an mbuin?" ars an firín rua. "Deich bpunt deich," arsa Páhraic. "Éist liom, a Phádhraic," ars an firín ruadh. Bhéarfaidh mé an buidéal dubh seo duit ar an mbuin. An bhfuil tú sasta?"
    "Cuir uait an magadh," arsa Padhraic, agis scuab leat as mo radharc." Ní h-aon magadh (?), a Phádhraic," ars an firín. Glac mo chomhairle agus tóg an buidéal. Is buidéal draoidheachta é. Aon rud a theastuigheann uait ní bhéídh le déanamh acht a rádh: "a bhuidéil, déan do chuid oibre agus gheobhaidh tú an rud.
    Thóg Pádhraic an buideal in a láimh agus ní túisge thóg sé é ná bhí an firín agus an bhó imthighthe as a radharc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo