School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)3. Is ceart an cónra a thabhairt isteach is amach arís gan a iompó.4. An té a chuireann suas na braitlíní nó na cuirtíní san áit a mbíonn an corp ar chlár, is cóir don duine sin an maisiú go léir a stracadh anuas sula dtógtar an corp amach as an teach.5. Ba nós é sa tseanaimsir na mná go léir a bheith ag olagón is ag caoineadh an mhairbh ó d’fhágadh an cónra an teach go sroistí an reilig. Bhíodh mná áirithe seachas a chéile a raibh ceird an chaointe ar fheabhas acu, agus chuireadh muintir an duine mhairbh fios ar na mná seo le ‘caoineadh’ a dhéanamh ag an tsochraid. Gaileog sa mbreis d’uisce beatha a gheibhidís mar thuarastal as ucht a gcaointe. Dá liacht iad na mná caointe ag an tsochraid b’amhlaidh ba mhó measa a bhí ar an marbh. Bean Sheáin Uí Mhurchú as Cluain Déise a rug an chraobh le caoineadh sa gceantar seo.6. Má thagann bás obann ar dhuine deireann na seandaoine gur ‘thug na sióga leo é’.7. Ní ceart do dhuine dul abhaile ina aonar ó thórramh.8. Ní ceart an luaithreach a chur amach as an tine a fhaid is a bhíonn an corp sa teach.(continues on next page)