School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rusgaigh (2)
- XML Page 168
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainne agus Maistreadh”
- XML “Pisreoga ag Baint le Samhain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)6. Ní ceart bláthach na chéad cuiginne a deantar le bainne bó atá taréis breith a thabhairt d’aoinne.7. Nuair a crúidhtear do'n chéad uair bó atá taréis breith is ceart í a coisreacadh le splanc teineadh. Is ceart an splannc do chur tart timcheall na bó trí h-uaire.
- Pisreóga ag baint le Samhain
1. Sa tsean-aimsir théigeadh na cailíní isteach i ngarrdha an chabáiste agus stracaidís tor cabáiste an duine. Dá bfághadh cailín gas cam ar thór deirtí go bpósfadh sí fear cam agus dá bhfágadh sí gas díreach ar an tor fear árd díreach a phósfadh sí. Oidhche Shamhna a ghníthí é sin.
2. Dá dtéigheadh cailín faoi dhris a mbéadh a dhá cheann sáithte sa talamh deirtear go bhfeicfeadh sí i mbrionglóid. Oidhche Shamhna an fear a phósfadh sí.
3. Is ceart pláta "ceallaí" a fhágáil lasmuigh ar leac na fuinneóige Oidhche Shamhna i dtreó is nach mbéidh ocras ar na sidheóga.
4. Ní ceart d'aoinne dul amach in a aonar an oidhche sin ar eagla go mbéarfadh na sidheóga leis é.
5, Cuireann na púcaí agus na sídheóga séile(continues on next page)