School: Coillte Mághach (roll number 12520)
- Location:
- Kiltamagh, Co. Mayo
- Teacher: Máirtín Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má chruinnigeann siad 'un a chéile go héascu mar sin is cruthughadh é sin go bhfuil an maistre deanta. Amannta sgáirdtear isteach uisge fuar le n a fhuaradh má bhíonn sé ró-the agus is fusa é a chriunniú in a dhiaidh sin.San am fadó chruinnigeadh bean an tighe an tim le n a láimh ach ar an aimsir seo go hiondual cruinnightear é le síolthán nó sgagachán nó rud eicínt mar é.An bainne géar a bhíos fághtha sa gcuinneoig annsin, nó an bhláthach, mar tugtar go minic air fóghnann sé ar a lán bealach. Óltar cuid de ar na béilí agus is leis a fliuchtar an plúr leis an taos a fhuint, agus cuirtear é thrí bheatha na h-éanlaith, na muc agus mar sin de. Nuair a bhíos duine tinn sa teach sgaithte má bhíonn a ghoilt go dona tugtar meadhg dó. Leis an meadhg a deanamh téidhtear leamhnacht agus annsin cuirtear blogam de'n bhláthaigh isteach ann. Briseann an leamhnacht annsin agus bíonn gruth agus meadhg ann.
- Collector
- Máirtín Ó Cearbhaill
- Gender
- Male