Scoil: Coillte Mághach (uimhir rolla 12520)

Suíomh:
Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máirtín Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0118, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0118, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coillte Mághach
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Churning - Ag Déanamh Maistre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Má chruinnigeann siad 'un a chéile go héascu mar sin is cruthughadh é sin go bhfuil an maistre deanta. Amannta sgáirdtear isteach uisge fuar le n a fhuaradh má bhíonn sé ró-the agus is fusa é a chriunniú in a dhiaidh sin.
    San am fadó chruinnigeadh bean an tighe an tim le n a láimh ach ar an aimsir seo go hiondual cruinnightear é le síolthán nó sgagachán nó rud eicínt mar é.
    An bainne géar a bhíos fághtha sa gcuinneoig annsin, nó an bhláthach, mar tugtar go minic air fóghnann sé ar a lán bealach. Óltar cuid de ar na béilí agus is leis a fliuchtar an plúr leis an taos a fhuint, agus cuirtear é thrí bheatha na h-éanlaith, na muc agus mar sin de.
    Nuair a bhíos duine tinn sa teach sgaithte má bhíonn a ghoilt go dona tugtar meadhg dó. Leis an meadhg a deanamh téidhtear leamhnacht agus annsin cuirtear blogam de'n bhláthaigh isteach ann. Briseann an leamhnacht annsin agus bíonn gruth agus meadhg ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann