School: Clochar na Trócaire
- Location:
- Swinford, Co. Mayo
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire
- XML Page 9
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.”
(continued from previous page)fút rud mar sin a ceannacht acht ná tóg aon áird ortha. Nuair a thiocfas an gamhain abhaile, béidh sé in a sinmhidhe cómh breágh agus a bhfaca tú aríamh.Seachtmhan ó'n lá seo béidh aonach i mBaile Cathail, téigh chuig an aonaigh sin agus díol an gamhain. Gheobhaidh tú seacht bpunt air. Lean ort ag dul thart ó aonach go h-aonach ag ceannacht go saor agus ag díol go daor, agus ná déan dearmad an ainmhidhe is measa i gcomhnuidhe a ceannacht. Sin é an méid atá le rádh agm anois, acht ná h-innis go neach beo go bhfaca tú mé"Rinne an fear mar h-orduigheadh dó. D'imthigh sé chuig an aonaigh agus cheannuigh sé an gamhain - meatachán ceart críochnuighthe. Bhí iongnadh ar na daoine nuair a chonnaiceadar an margadh a bhí déanta aige, mar cheapadar go mbéadh an gamhain marbh sul a dtéigheadh sé abhaile. An céad maidin eile nuair a chuaidh sé amach bhí iongnadh mór air nuair a chonnaic sé an t athrú mór. Bhí an gamhain go láidir reamhair. Dhíol sé é ag an gcéad aonach eile agus rinne(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Cholamáin
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Cloonacannana, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó Cholamáin
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonacannana, Co. Mayo