School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 208
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Císte ÓirTá pota óir i Dúnatha inaice leis an dumhach i garraidh Tomás Uí Léighneachain. Gheibheadh sé pighneacha óir ann agus é ag romhar an áithridhe (ithir)Fado shoin bhí long ag treasna na fairrge agus bhí málaí óir dhá n-iompar aca. Chuaidh an bád síos ag Béal Atha Muirthead agus badhadh na daoine uilig.Chuaidh an tór go tóin agus níor bhfeidir é a fhághail acht tá an long le feiceál.Uair amháin bhí cailín in a comhnuidhe in Acaill agus bhí a h-athair ag fághail bháis agus dúirt sé leithe go raibh ór curtha taobh thíos den teach.“A, ní féidir, ars an gearrchaile, ór a bheith agat mar sin.”
“Nac raibh ór go leor agam fada shoin, ars a hathair, agus sin cuid de a chuir me annsin agus níor thóg mé é.”
“Fágh fear anois a thógfas duit é.”Níor chreid an gearrchaile é fós agus níor thóg sí an t-airgead. Taréis cúpla oidhche bhí brionglóid aici go raibh ór insan áit a dhubradh léi. Bhí sí ag brionglóid ar feadh trí oidhche gan innseacht agus annsin chart sí an áit agus fuair sí an t-ór. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile facthas dí gur labhair cailín lei agus dubhairt sí:- “An té nár glacfadh comhairle a hathar agus a dtabharfadh oiread de drocmeas dó gan a chomhairle do(continues on next page)- Collector
- Rósa Ní Tachair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál O Braithseach
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Bleinkeragh, Co. Mayo