School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 251
- XML “An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An BásNuair a bhíonn duine ag fághail bháis bíonn comhartha igomhnuidhe le feiceál.Nuair a fheiceanns siad fiach-dubh ag dul treasna an tighe deireann siad“An fiach dubh ar an eiteall aimhréidh
Go leanaidh an t-olcas tú ar do aimhdheóin”Nuair a feiceanns siad líne preacáin ag déanamh ar an reilic deireann siad go racaidh duine marbh an bóthar sin an bliadhain sin.Nuair a bhíonns sgamaill bána os cionn tighe deireann siad go bhfágfaidh duine eicínt an teach an bhliadhain sin agus nuair a bhíonns bogha báistighe treasna an tighe deireann siad go mbéidh cumhaidh ar an teach sin.Dá mbeadh duine ag fághail bhais ar leaba clúimh tógann cuid de na daoine é amach ar an urlár agus má bhíonn aon droc thinneas orra dóigheann siad an tocht.Nuair a bhíonns an duine marbh cuirtear amach an cat ar fhaithchios go léimfeadh sé treasna an chuirp. Más fear é bearrann cuid de na gaolta é tamall gearr in éis an bháis. Téigheann na daoine go dtí an siopa agus ceannuigheann siad tobaca agus píopai agus uisge beatha agus arán agus an habit agus gac rud eile a bhíonns ag teastáil uatha.Nuair a thigeann siad abhaile tugann siad uisge beatha dona(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Thachair
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Ui Tachair
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 86
- Address
- Ballycroy, Co. Mayo