School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 222
- XML “<span class="exact"><span class="token">Oíche</span></span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche ShamhnaInsan áit seo téigheann na buachaillí móra isteach i gairdín gabáiste agus tarrnuigheann gach duine ceann gabháiste. An té a tharrnuigheans ceann le cos cam beidh cosa cama ag an bhean a phósfaidh sé.Téigheann na cailíní óga go dtí an fó-abhainn is góire dhóibh agus tógann siad uisge in a mbéilí agus téigheann siad go doras thiar don teach ar bith. Má thagann sean-bhean amac ní leigeann siad an t-uisge ón a mbéile agus téigheann siad go teach eile. Má thagann fear amach leigeann siad an t-uisge amac agus béidh an céad duine a leig an t-uisge ón a bhéal pósta do duine a bhfuil an t-ainm ceadna air is air an fear a tháinig amac ón teac.Fado shocruigheadh na daoine an luaithe agus d’fágadh siad arán ar an mbord do na daoine maithe. Bheadh fhios ag na daoine ar maidin dá mbeadh a lorg san luaithe go raibh siad ann. Imrigheann na páisti beaga cleasa le ubhall.
- Collector
- Séamus O Dálaigh
- Gender
- Male